Ceol Traidisiúnta na hÉireann

Is fada clú agus cáil maidir le hoideachas i gceol traidisiúnta na hÉireann ar Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Is féidir staidéar a dhéanamh ar Cheol Traidisiúnta na hÉireann ar leibhéal bunchéime agus iarchéime faoi scáth na gclár seo a leanas:
- Baitsiléir Ceoil
- Baitsiléir in Oideachas an Cheoil
- Máistir i dTaibhiú an Cheoil
- Cláir MPhil agus PhD
Acmhainní
Amhráin is Ansa Liom, Sraith de chuid TG4 faoi amhránaíocht na hÉireann arna cur i láthair ag Antaine Ó Faracháin, Léachtóir de chuid ITBÁC. Acmhainn idirlín ar a bhfuil amhráin á gcanadh ag amhránaithe traidisiúnta.
Céilí House, Sraith de cheol traidisiúnta agus d'amhráin na hÉireann ar RTÉ Radio 1 arna chur i láthair ag Kieran Hanrahan agus arna léiriú ag Peter Browne, beirt léachtóirí i gceol traidisiúnta na hÉireann in ITBÁC.
The Irish Traditional Music Archive – Taisce Cheol Dúchais Éireann
Na Píobairí Uilleann Cumann a chuireann ceol na hÉireann chun cinn, ceol na bpíobairí go háirithe.
The Rolling Wave, Sraith ar RTÉ Radio 1 arna chur i láthair ag Peter Browne a thugann léachtaí ar chúrsa Ceol Traidisiúnta na hÉireann in ITBÁC
Tá breis eolais ar fáil ón Dr Clíona Doris nó ó Ódhrán Ó Casaide.
