Fáilte chuig
Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta ITBÁC
Todhchaí na hÉireann sa taibhiúIs ionad sárfheabhais maidir leis an oideachas sna taibh-ealaíona í Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus í leagtha amach de réir ghnás an conservatoire. Cuirtear cláir staidéir ar ardchaighdeán, atá bunaithe ar thaibhiú, ar fáil do dhaoine ó aois trí bliana go dtí an chéim dochtúireachta sa cheol, clár bunchéime i dtaibhiú drámaíochta, agus cúrsaí do dhaoine fásta. Pléitear leis an réimse is fairsinge de dhisciplíní taibh-ealaíne in Éirinn le cúrsaí céime sa cheol clasaiceach agus i gceol traidisiúnta na hÉireann, sa chumadóireacht, sa cheoleolaíocht, in oideachas an cheoil, sa snagcheol, sa cheoldrámaíocht, sa drámaíocht agus (i gcomhar le coláistí páirtnéireachta) i gceol rac, sa phopcheol agus i scóráil do scannáin. Téann céimithe na hArdscoile ar aghaidh agus baineann slite beatha den rath amach agus iad ag déanamh cion tairbhe i dtionscal na dtaibh-ealaíon agus an chultúir in Éirinn agus thar lear. Is cinnte go mbeidh ábhar spéise agat in Ardscoil ITBÁC – tar isteach go bhfeiceann tú féin lá dár gcuid Laethanta Oscailte! Táim ag tnúth le fáilte a fhearadh romhat san Ardscoil. Faigh cóip de Réamheolaire na hArdscoile 2014. Faigh cóip de Réamheolaire Cheol na Sóisear 2013_14
|

